Faigh eolas faoin gcóras cúraim sláinte poiblí in Éirinn agus faoi thopaicí sláinte coitianta i do theanga.
Maidir le Córas Sláinte na hÉireann
Treoir do dhídeanaithe agus imircigh eile
Físeáin faoin gcúram sláinte in Éirinn
Breathnaigh ar fhíseáin faoi chóras cúraim sláinte na hÉireann agus ábhair sláinte choitianta:
Cúram leighis a fháil in Éirinn
Faigh amach cad ba cheart a dhéanamh má mhothaíonn tú tinn, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cá huair ba ceart dul chuig an dochtúir teaghlaigh
- cúram leighis a fháil sa tráthnóna nó ag an deireadh seachtaine
- cad ba cheart a dhéanamh i gcás éigeandála
Cárta leighis
Má tá cárta leighis agat, ní gá duit íoc chun dul chuig do dhochtúir nó íoc as cógais a fhorordaíonn do dhochtúir.
Faigh eolas faoin gcárta leighis in Éirinn, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cúram sláinte atá clúdaithe ag an gcárta leighis
- iarratas a dhéanamh ar chárta leighis
Cad é a dhéanann dochtúir teaghlaigh
Faigh eolas faoi dhochtúirí teaghlaigh in Éirinn, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cúram leighis a sholáthraíonn dochtúirí teaghlaigh
- uaireanta oscailte clinicí dochtúirí teaghlaigh
An Mheabhairshláinte agus an fholláine mheabhrach
Comhairle maidir leis an bhfolláine mheabhrach agus eolas faoi conas an chabhair atá de dhíth ort a fháil, agus é seo san áireamh:
- Rudaí is féidir leat a dhéanamh nuair atá tú ag mothú faoi bhrú nó má bhíonn imní ort.
- Cén áit le tacaíochtaí a aimsiú, idir i bpearsa agus ar líne.
Cúram do do chuid fiacla, súl agus éisteachta
Faigh amach conas cúram a fháil do do chuid fiacla, súl agus éisteachta in Éirinn.
Frithghiniúint
Faigh eolas faoi na cineálacha frithghiniúna atá ar fáil in Éirinn. Is féidir leat frithghiniúint a fháil trí dhochtúir teaghlaigh nó trí chlinic pleanála teaghlaigh. Is féidir leat frithghiniúint éigeandála a fháil i gcógaslann gan oideas chomh maith.
Seirbhísí toirchis
Is féidir leat cúram toirchis a fháil saor in aisce in Éirinn. Faigh eolas faoin gcúram is féidir leat a fháil le linn do thoirchis agus i ndiaidh na breithe.
COVID-19 agus toircheas
Faigh eolas faoi COVID-19 agus toircheas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- rioscaí duit féin agus do do leanbh má fhaigheann tú COVID-19 le linn toirchis
- vacsaín COVID-19 a fháil le linn toirchis
- Sábháilteacht vacsaín COVID-19
Luath-thoircheas
Faigh eolas faoin gcúram is féidir leat a fháil go luath i do thoircheas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- cá háit le cúram toirchis a fháil
- Roghanna toirchis neamhbheartaithe - eolas teagmhála le haghaidh seirbhísí ginmhillte saor in aisce, tacaíocht éisteachta, comhairleoireacht agus tacaíocht iar-ghinmhillte
- ag tabhairt aire do do shláinte go luath sa toircheas
Toircheas déanach agus ag ullmhú don bhreith
Faigh eolas faoin gcúram is féidir leat a fháil go déanach i do thoircheas, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- bheith sláintiúil go déanach sa toircheas
- seiceálacha rialta toirchis
- cá huair ba cheart cuidiú práinneach a fháil
- comharthaí go bhfuil tinneas linbh ag teacht ort
Aire a thabhairt do do leanbh nuabheirthe
Faigh eolas faoi chúram a thabhairt do leanbh nuabheirthe, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
- eolas maidir le leanbh a bheathú agus a ní
- an fáth a mbíonn leanaí ag caoineadh agus cad is féidir leat a dhéanamh chun iad a shuaimniú
- patrúin codlata leanaí agus leideanna le haghaidh codladh sábháilte
- gnáthsheiceálacha sláinte
Beathú cíche
Faigh amach faoi na buntáistí a bhaineann le beathú cíche duit féin agus do do leanbh, agus conas beathú cíche a thosú.
Sláinte na máthar i ndiaidh na breithe
Faigh eolas faoi na hathruithe fisiceacha agus mothúchánacha a tharlaíonn i ndiaidh leanbh a bhreith agus an cúram is féidir leat a fháil.
Eolas faoi scagthástáil ceirbheacs HPV / HPV cervical screening
https://youtu.be/EH4y9PUcw24
Scáileán Bputóg / Bowel Screen
https://youtu.be/4nBJmUvgVc8?list=PLsQK32cdMW_zUIuiIo6nP0ejEsL_E8n0j
https://youtu.be/RKwTg1OC-Ug?list=PLsQK32cdMW_w9eAT-hf5tWSjld4mdNsIo
https://youtu.be/YOkepwykjeA?list=PLsQK32cdMW_zgz2oyOT7kcoriVASEvGKs
Ábhar físeáin arna chruthú ag an Oifig Náisiúnta um Ionchuimsiú Sóisialta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) le Translate Ireland, Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP), mychild.ie agus oibrithe cúraim sláinte eile.